Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag earcú Bainisteoirí Scrúduithe agus Measúnaithe faoi láthair. Beidh an t-iarrthóir rathúil ag tuairisciú do Cheannasaí Cúnta Rannóg na Scrúduithe agus an Mheasúnaithe agus beidh sé/sí freagrach as scrúduithe agus ábhar eile a bhaineann le scrúduithe a ullmhú chomh maith le marcáil scrúduithe agus an próiseas achomharc i dtaca le scrúduithe sannta a bhainistiú.
Is é an dáta deiridh chun glacadh le hiarratais chomhlánaithe ná 3pm ar an Déardaoin, 15 Bealtaine 2025. Tá folúntais ann faoi láthair do Bhainisteoir Scrúduithe agus Measúnaithe sna réimsí seo a leanas: Staidéar Drámaíochta, Scannánaíochta agus Amharclannaíochta Eacnamaíocht Béarla Matamaitic Tá sonraí iomlána faoin ról, lena n-áirítear riachtanais incháilitheachta ar leith, ar fáil ar www.publicjobs.ie.
Chun iarratas a dhéanamh, úsáid na naisc seo a leanas:
Staidéar Drámaíochta, Scannánaíochta agus Amharclannaíochta: https://lnkd.in/evfGXPwV
Eacnamaíocht: https://lnkd.in/eSUTcxSF
Béarla: https://lnkd.in/es8Dijcw
Matamaitic: https://lnkd.in/eSWczWzd