DC118 BA Gnó agus Gaeilge - Bí cruthaitheach agus iomaíoch!
Posted on November 14, 2023
Réamhrá/Overview:
Má tá grá agat don Ghaeilge agus suim agat sa ghnó, i dteicneolaíocht na faisnéise agus san fhiontraíocht, seo an bhunchéim duitse.
Níl aon chéim eile in Éirinn ar a múintear cúrsaí chomh sainiúil seo sa ghnó, sa bhainistíocht agus i dteicneolaíocht na faisnéise trí mheán na Gaeilge.
Tá nasc idir an clár seo agus fostóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta a thugann tús áite do chéimithe a bhfuil sárscileanna gnó agus TF acu agus ar ceannairí nuálacha iad.
Beidh deis agat bliain a chaitheamh ar chlár INTRA agus taithí a fháil sa láthair oibre, nó dul ar aghaidh go dtí an bhliain dheiridh.
Gheobhaidh tú oideachas leathan acadúil agus praiticiúil atá in oiriúint don saol comhaimseartha gnó.
Cuirfidh Fiontar & Scoil na Gaeilge timpeallacht foghlama spreagúil chomhaimseartha ar fáil duit agus forbróidh tú an cumas ceannaireachta atá ionat.
Riachtanais Bhreise/Additional Requirements Anuas ar ghnáthriachtanais iontrála na hOllscoile, caithfidh tú Grád O1 Gnáthleibhéal nó H4 Ardleibhéal a bheith agat sa Ghaeilge.