Is pobal teagaisc, foghlama agus taighde é Institiúid Oideachais Marino. Táimid ag plé le hoideachas le fada an lá, ag dul siar céad bliain. Táimid suite ar Ascaill Uí Ghríofa i mBaile Átha Cliath. Beidh an chéim nua an Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge, Bunmhúinteoireacht (Cód CAO: CM003/CM004) ag tosú in Institiúid Oideachais Marino i Meán Fómhair, 2019. Beidh an chéim seo oiriúnach do scoláirí a bhfuil spéis acu múineadh trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta nó i scoileanna Lán-Ghaeilge. Seo é an chéad uair riamh i stair an Stáit, fochéim Baitsiléir san Oideachas don bhunmhúinteoireacht a bheith ar fáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge.
Gnéithe eile den chúrsa:Maidir le pointí CAO don Bhaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge amháin, beidh 40 pointe sa bhreis ag dul do gach scoláire a fhaigheann Pas (50% nó níos airde) i Scrúdúithe Mheánleibhéal 1(B1) TEG. Ní bheidh níos mó ná 40 pointe ag dul d’aon scoláire a fhaigheann marc níos airde ná 50% ná grád TEG níos airde ná Leibhéal B1.
Is é an rud is fearr gur féidir linn a chinntiú anseo in Institiúid Oideachais Marino ná go bhfaighidh tú an tacaíocht chun do chumas a bhaint amach. Tapaígí an deis, a chairde! Bígí linn!
Tar chuig Institiúid Oideachais Marino!
Tuilleadh eolais ar fáil ó shuíomh IOM anseo: www.mie.ie agus www.mie.ie/oid
Lean muid ar Instagram @institiuidoideachaismarino
Lean muid ar Twitter: @MarinoInstitute agus @Oidtri
Íosghráid ar Leith:
Caithfidh iarratasóirí lánfhásta iarratais a bheith istigh acu tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO) faoi 5.15 i.n. ar 1 Feabhra. Caithfidh mac léinn aibí a bheith 23 bliain d’aois nó os a chionn ar 1 Eanáir na bliana ina bhfuil an mac léinn ag iarraidh an cúrsa a thosú. I lár Mhí an Mhárta, cuirfear ríomhphost chuig iarratasóirí lánfhásta ag insint dóibh an sásaíonn siad na riachtanais iontrála nó nach sásaíonn.
Aon iarratasóir a shásaíonn na riachtanais iontrála agus atá ag iarraidh go ndéanfar measúnú ar a (h)iarratas mar iarratasóir lánfhásta, iarrfar air/uirthi “Foirm Iarratais Fhorlíontach ar Mhúinteoireacht Bhunscoile (Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge) do Mhic Léinn Lánfhásta (d’Institiúid Oideachais Marino)” a chomhlánú agus a chur ar ais díreach chuig: An tOifigeach Iontrálacha, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9.
Is é an spriocdháta le foirmeacha iarratas a bheith ar ais ná an Aoine, 5 Aibreán. Má tá aon cheisteanna agat faoi iontráil do mhic léinn aibí, cuir ríomhphost chuig iontrá[email protected] nó chuig [email protected].