Samhlaítear an Máistir Gairmiúil san Oideachas mar eiseamláir ceannrodaíoch i bhfás agus i bhforbairt na hearnála oideachais lán-Ghaeilge in Éirinn.
Misean an MGO
Is é misean an Máistir Gairmiúil san Oideachas ná múinteoirí ar ardchaighdeán Gaeilge a sholáthair don earnáil Lán-Ghaeilge:
Cliceáil ar an nasc le teacht ar bhileog eolais faoin MGO anseo.
Múnla Nua don Chlár 2024–25 Is cúrsa tumoideachais an MGO a chothaíonn pobal foghlama lán-Ghaeilge.
Leagtar béim faoi leith ar obair ghrúpa, ceardlanna gníomhacha agus an teagasc praiticiúil. Chuige sin, bíonn mórchuid den ionchur teagaisc ar champas mura b’ionann cúrsaí eile in oideachas tosaigh múinteoirí a leanann múnla na cianfhoghlama.
Córas bloc scaoilte atá i bhfeidhm ar an gclár.
Bliain 1 Trí bhloc ionchur ar champas (Luan-Déardaoin). Dhá bhloc socrúchán scoile. Bloc 1 san Fhómhair (4 seachtaine) Bloc 2 san Earrach (9 seachtaine)
Bliain 2 Bloc amháin ionchur ar champas (9 seachtaine) Dhá bhloc socrúchán scoile. Bloc 1 ag tús na scoil-bhliana san Fhómhair (5 seachtaine) Bloc 2 san Earrach (11 seachtaine)
Dréacht Fhéilire ar fáil anseo.
Aidhm Agus an clár seo críochnaithe agat, beidh tú in ann:
Teicneolaíocht Leagann an MGO an-bhéim ar theicneolaíocht, ar dhearadh áiseanna agus ar úsáid iPad i dteagasc, foghlaim agus measúnú. Bronnadh gradam Apple Distinguished Programme ar an MGO i 2015 mar chlár le barr feabhais san nuálaíocht, sa cheannródaíocht agus mar eiseamláir oideachais maidir le húsáid na teicneolaíochta. Ba é an chéad chlár tríú leibhéal lasmuigh de Mheiriceá a ghnóthaigh an gradam seo agus bronnadh ar an MGO (gach bliain ó shin).
Ábhar an chúrsa Déantar na modúil seo a leanas ar an gclár:
Ábhair theagaisc Roghnaíonn mic léinn dhá shainréimse modheolaíochta, go hiondúil in ábha(i)r atá déanta go leibhéal céime, agus déantar an socrúchán scoile i scoileanna lán-Ghaeilge.